PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13779)

A Dhia, tóg an naíonán seo ar chliabh do ghrá, agus tabhair dó bainne ó bhrollach d’oirchille. Cothaigh an planda úr seo i rósarnach do ghrá agus cuidigh leis chun go bhfásfaidh sé trí cheathanna d’fhéile. Déan páiste de chuid na ríochta de agus treoraigh é go dtí do fhlaithiúnas neamhaí. Is tú atá cumhachtach agus cineálta agus is tusa an Bronntóir, an Flaithiúil, Tiarna Féile gan sárú.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13780)

A Dhia, dean na páistí seo a oiliúint. Is iad plandaí d’úlloird iad, bláthanna do mhóinéir,  rósanna do ghairdín. Lig do do bháisteach titim orthu, lig do Ghrian d’Fhírinne soilsiú orthu le do Ghrá. Lig do do leoithne iad a athnuachan sa dóigh go ndéanfar iad a oiliúint, go bhfásfaidh agus go dtiocfaidh siad chun cinn agus go nochtfaidh siad i mbarr a n-áilleachta. Is tú an Tabharthóir, is tú an Trua-Chroíoch.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13781)

A Thiarna chineálta! is saothar láimhe de chuid méara do nirt iad na páistí maisiúla seo agus is iad comharthaí éachtacha d’ardréime iad. A Dhia, cosain na páistí, cuidigh leo trí do ghrásta le go gcuirfear oiliúint orthu agus go mbeidh ar a gcumas fónamh a dhéanamh do shaol an chine dhaonna. A Dhia! is péarlaí iad na páistí seo, déan iad a oiliúint laistigh de shliogán do chineáltais ghrách. Is tusa an Fial, an tUile-Ghrámhar.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13782)

A Dhia! dean scoth na bplandaí de na páistí seo. 
Lig dóibh fás agus teacht chun cinn i ngairdín do Chúnaint, agus bronn orthu úire agus áilleacht trí dhoirteadh néalta ó Ríocht Abhá. 
A Thiarna chineálta! is páiste beag mé, déan mé a ardú trí chead a thabhairt dom dul isteach sa Ríocht. Is neach saolta mé, déan neach neamhaí díom; is den saol laistíos mé, bíodh baint agam leis an bhflaithiúnas lastuas; is duine gruama mé, deonaigh go ndéanfar lonrach mé; is duine ábharach mé déan spioradálta mé agus ceadaigh go dtaispeánfaidh mé uaim d’fhéile gan teorainn. Is tusa an Cumhachtach, an tUile-Ghrámhar.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13783)

Is é Dia é!  A Dhia liom! bronn orm croí fíorghlan, mar a bheadh péarla ann.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13784)

A Dhia, treoraigh mé, cosain mé agus déan díom lampa lonrach agus réalt soilseach. Is tusa an Mór-Éachtach, an Cumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13785)

A Dhia, a Dhia! is páiste beag óg mé. Déan mé a chothú ar bhrollach do thrócaire, déan mé a thógáil in ucht do ghrá, déan mé a oiliúint i scoil do threorach agus tabhair chun cinn mé ar scáth d’fhéile. Saor ó dhorchadas mé, déan solas niamhrach díom; fuascail ó bhuairt mé, déan bláth de chuid an rósarnaigh díom; deonaigh go ndéanfar seirbhíseach de chuid do thairsí díom agus bronn orm meon agus nádúr na bhfíréan; deonaigh dom a bheith i m’ábhar féile don saol daonna, agus cuir mar choróin ar mo cheann mionn na beatha síoraí. 
Go deimhin, is tusa an Cumhachtach, an Mór-Éachtach, an Breathnaitheoir, an tÉisteoir.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13786)

A Thiarna atá gan samhail! bí tusa i do thearmann don pháiste trua seo agus i do Mháistir cineálta, so-mhaiteach don anam earráideach, ainnis seo. A Thiarna! biodh nach bhfuil ionainn ach plandaí gan fiúntas, ina dhiaidh sin is uile is de do rósarnach sinn, bíodh gur buinneáin gan duilliúr atá ionainn is cuid de d’úllord sinn. Cothaigh an planda seo dá réir sin le rabharta ó néalta do thrócaire grámhaire agus déan an buinneán seo a athnuachan agus a athbheo le hanáil íocshláinte d’earraigh spioradálta. Tugtar air a bheith aireach, dearcánta agus uasal agus deonaigh go mbainfidh sé amach beatha shioraí agus go mairfidh laistigh de do Ríocht go brách, brách.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA (#13787)

A Dhia! dean an t-ógánach seo lonrach agus bronn d’fhéile ar an gcréatúr bocht seo. Tabhair dó eolas, bronn air neart breise le bánú gach lae agus bí i do gharda air ar scáth do chosanta sa dóigh go saorfar ó dhearmad é, go dtabharfaidh sé é féin suas do sheirbhís do Chúise, go dtreoróidh sé an dream do-chomhairleach, go mbeidh sé ina cheannaire do lucht an mhí-áidh, go saorfaidh sé iad siúd atá i ngéibheann agus chun go mbeannófar cách le do chuimhne agus le moladh ort. Is tusa an Mór-Éachtach agus an Cumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

